Ar
an mbóthar go Chapeau is mála ar mo ghualainn
Maidin bhreá fhómhair ag banú an lae
Bhí deargphaistí fuillteach' ar chrannchlúdach
órga
Is brollach an tsléibhe dá mhuirniú faoin
ngréin.
Ar dhroichead an mhuillin a rinneas maoil tamaill
Is scáil na gcnoc daite i nguairneáin an tsrúth'
Ach ba shearbh an sólás é áilleacht
don óigfhear
Gur chuala a ghlór agus é bhí faoi ghruaim.
'Sé
deir an t-óigfhear:
"Is fíorbheag a cheap mé, 's mé
ar sclábhaíocht 'sna coillte,
Is fíorbheag a cheap mé, 's mé ag síorbhaint
na gcrann,
'Gus is ríbheag a cheap mé tar éir na
tiomána
Go bhfeicfinn thú pósta ar an mbuachaill donn.
Do gheallais gur dílis a d'fhanfá sa gheimhreadh
'S nach n-aireofá laethanta an earraigh faoi bhláth
Is go mbeimisne ceangailte ar filleadh ar ais dom
Ach is tusa a mheall mé, 's tú d'fhág
mé faoi chrá."
'Sé
deir an óigbhean:
"Is dílis a d'fhan mé trí shneachta
an gheimhridh
'S níor airigh mé laethanta an earraigh faoi
bhláth
Ach níor gheall mé dhuit riamh go bhfanfainn
an samhradh
'S gan scéal ar bith uaitse, 's tú ar an drabhlás.
Ar cheap tú go bhfanfainn im mhaighdean go buan
'S mé ag feitheamh le réice gan ór buí
's gan mhaoin?
Ach is fearr duitse imeacht ar an gcoillteoireacht feasta,
'S níl ábhar firchéile id short de mhaicín."
Is
iomaí bean álainn a mheall mé im óige,
Is iomaí bean álainn a d'fhág mé
faoi bhrón,
'Gus is iomaí tráthnóna 'tá curtha
amú 'gam
I dtóin teach an leanna, 's mé ag imirt 's ag
ól.
A óigfheara abhantrach na hOttawa leithne,
Glacaigí an chomhairle seo ó sheanduine duairc
An t-ór buí a sparáil 's an fuiscí
a sheachaint
Is beidh mar bheanchéile dhaoibh cailín deas
suairc.
|