|
De
bharr na gcnoc agus síos na gleannta
'S trí choillte 's trí phortaigh san fhásach
i gcéin
'S gan rian ach an abhainn mar bhealach abhail
Chun Chapeau a shroichint faoi dheireadh an lae.
Curfá:
Tabhair dúinn fuiscí, lionn is braindí
Beimid ag ól nó go mbeidh sé 'na ló
Buidéil is gloiní is ceol is cailíní,
Fágaimis slán leis na coillte go deo!
Ó
d'fhágamar bréantas an tseaintí 'nár
dhiaidh
Fíorbhaol na tiomána 'gus pian na sclábhaíocht'
'S ár bpócaí ar pléascadh le píosaí
geala
'S go bhfuil tart an gheimhridh le bualadh siar!
Nach
míle níos fearr mo chuid aimsire a chaitheamh
Le bean ar mo ghlúin agus gloine i mo láimh
Ná geimhroícheanta uaigneacha a fhulaingt sa seaintí
Gan chailín a bhainfeadh an fuacht de mo chnámh'!
Dá
rachainn ar ais san áit mallaithe choíche
Gur chaill mise bláth mo chuid óige ann fadó,
Ó cé gurbh fhada lánchasta an bóthar,
Faoin earrach bí cinnte go mbeidh mé anseo!
|